{"id":1410,"date":"2015-09-29T14:01:10","date_gmt":"2015-09-29T14:01:10","guid":{"rendered":"https:\/\/www.coolepark.ie\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/"},"modified":"2023-09-01T11:39:26","modified_gmt":"2023-09-01T11:39:26","slug":"coras-bogaigh","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/","title":{"rendered":"C\u00f3ras Bogaigh"},"content":{"rendered":"<div style=\"font-size: 0.9em; float: right; padding: 10px; width: 30%; margin: 0px 0px 10px 10px; background-color: #c0d9ee; border-radius: 5px;\">\n<h2>T\u00edrdhreach oighearcharstach<\/h2>\n<p>Tagra\u00edonn an t\u00e9arma oighearcharstach do dh\u00e1 phr\u00f3iseas ar leith a d&#8217;fh\u00e9adfadh feidhmi\u00fa chun an t\u00edrdhreach a athr\u00fa i gceantair aolchloiche. Is \u00e9ard is carst\u00fa ann n\u00e1 an pr\u00f3iseas tr\u00edna dtuaslagtar carraig aolchloiche le huisce. D\u2019fh\u00e9adfadh scoilteanna m\u00e9adaithe sa charraig a bheith mar thoradh air seo, i bpluaiseanna agus in uisc\u00edgh faoi thalamh agus laghd\u00fa ar an gcarraig sa deireadh. In \u00c9irinn, t\u00e1 an pr\u00f3iseas cars\u00fach\u00e1in i limist\u00e9ir aolchloiche mionathraithe ag gn\u00edomh na n-oighearchl\u00faideacha m\u00f3ra a bhog ar fud na t\u00edre le linn agus i dtreo dheireadh na hoighearaoise deireana\u00ed. Scrios na hoighearchl\u00faideacha seo an charraig tuaslagtha n\u00f3 bhriste a bh\u00ed suite ar dhromchla an t\u00edrdhreacha, agus bh\u00ed na cos\u00e1in lom aolchloiche at\u00e1 le f\u00e1il i ndeisceart Chontae na Gaillimhe agus i gceantar Bhoirne i dtuaisceart Chontae an Chl\u00e1ir f\u00e1gtha. D&#8217;fh\u00e1g siad ina ndiaidh freisin in \u00e1iteanna, fos\u00fa de bholl\u00e1in agus gairbh\u00e9al, rud a chruthaigh droimn\u00edn\u00ed agus eascracha. D&#8217;fh\u00e1g siad fosuithe tana\u00ed till in abhantracha \u00e9adoimhne a bh\u00ed ar an dromchla agus a chabhraigh le turlaigh a chruth\u00fa.<\/p>\n<\/p>\n<\/div>\n<p style=\"text-align: left;\"><img decoding=\"async\" class=\"aligncenter\" style=\"float: left; padding: 0px 10px 0px 5px;\" src=\"\/wp-content\/uploads\/2018\/07\/photo-3-1crop-s-e1559572589886.jpg\" alt=\"\" width=\"25%\">T\u00e1 Anaclann D\u00falra na C\u00faile-Ghareal\u00e1in suite i dt\u00edrdhreach oighearcharstach \u00edsealchr\u00edocha an Ghoirt, Co. na Gaillimhe. T\u00e1 s\u00e9 mar chro\u00edl\u00e1r c\u00f3ras bogaigh ar leith.<\/p>\n<p>D\u00e9anann uisce a dhraen\u00e1iltear \u00f3 phortaigh gaineamhchloch Shliabh Eachta\u00ed ar an taobh thoir a bhealach, tr\u00ed mheasc\u00e1n de bheala\u00ed os cionn tal\u00fan agus faoi thalamh, go Loch na C\u00faile. Tugann s\u00e9 leis siolt \u00f3 na sl\u00e9ibhte.<\/p>\n<p>Ag an am c\u00e9anna, d\u00e9anann uisce a dhraen\u00e1iltear \u00f3 thailte aolchloiche na Boirne, \u00f3 dheas, a bhealach \u00f3 thuaidh i dtreo na C\u00faile, tr\u00ed chain\u00e9il faoi thalamh, agus l\u00edonann s\u00e9 turlach an Bhaile Nua. T\u00e1 an t-uisce seo an-neamhghn\u00e1ch i gcomhth\u00e9acs Eorpach. In ainneoin go bhfuil limist\u00e9ar aolchloiche mar fhoinse aige, t\u00e1 an t-uisce n\u00edos boichte i gcothaithigh n\u00e1 an t-uisce a thagann isteach go Loch na C\u00faile \u00f3 Shliabh Eachta\u00ed. Ag leibh\u00e9il arda uisce, meascann loch an Bhaile Nua agus Loch na C\u00faile.<\/p>\n<p>D\u00e9anann an t-uisce sin a bhealach \u00f3n gC\u00fail, tr\u00ed shraith ailt\u00e9arnach turlaigh agus cos\u00e1in faoi thalamh, chun an fharraige a bhaint amach ag Cinn Mhara ar deireadh.<\/p>\n<p>Is turlach m\u00f3r \u00e9 Loch na C\u00faile f\u00e9in agus cos\u00fail leis an gcuid is m\u00f3 de thurlaigh, folmha\u00edonn s\u00e9 faoin talamh tr\u00ed \u201csh\u00famair\u00ed\u201d ina ghrinneall locha. T\u00e1 an raon is m\u00f3 athraithe leibh\u00e9al uisce aige n\u00e1 aon turlach in \u00c9irinn. Is f\u00e9idir le leibh\u00e9il uisce sa loch athr\u00fa os cionn 10m. De ghn\u00e1th n\u00ed fholmha\u00edonn an loch go hioml\u00e1n sa samhradh, \u00e1fach, agus de ghn\u00e1th coime\u00e1dann s\u00e9 limist\u00e9ar beag uisce buan.<\/p>\n<p>Gn\u00e9 shuntasach a bhaineann leis na turlaigh i bP\u00e1irc na C\u00faile is ea go bhfuil dl\u00fathbhaint acu le limist\u00e9ir choillearnacha. Go deimhin, t\u00e1 limist\u00e9ir mh\u00f3ra choillearnach san anaclann d\u00falra cl\u00fadaithe le huisce sa gheimhreadh. Caithfidh planda\u00ed a bhfuil c\u00f3na\u00ed orthu sa turlach a bheith in ann maireacht\u00e1il i gc\u00fains\u00ed b\u00e1 fada agus triomach. Is f\u00e9idir brat brioscl\u00e1n gal\u00e1nta (<em>Potentilla anserina<\/em>) lena dhuilleoga airgid agus a bhl\u00e1thanna bu\u00ed a fheice\u00e1il sa samhradh nuair a bh\u00edonn leibh\u00e9il an uisce imithe i l\u00e9ig. I dturlaigh \u00e1irithe, d\u2019fh\u00e9adfadh go bhfaighf\u00ed an tsailchuach uisce neamhchoitianta (<em>Viola persicifolia<\/em>). Go deimhin, t\u00e1 a dhaingean ag an bplanda seo in \u00c9irinn ag Loch na C\u00faile. I measc na bplanda\u00ed turlaigh neamhchoitianta eile at\u00e1 le f\u00e1il ag Anaclann D\u00falra na C\u00faile-Ghareal\u00e1in t\u00e1 lus an chladaigh (<em>Litorella uniflora<\/em>), agus speiceas den r\u00e9ilt\u00edn uisce (<em>Callitriche palustris<\/em>).<\/p>\n<p>Ranga\u00edtear turlaigh mar ghn\u00e1th\u00f3ga tosa\u00edochta faoi Threoir an AE maidir le Gn\u00e1th\u00f3ga mar gheall ar neamhchoitiantacht na gn\u00e1th\u00f3ige seo i gcomhth\u00e9acs Eorpach agus domhanda. T\u00e1 an ghn\u00e1th\u00f3g beagnach uath\u00fail in \u00c9irinn.<\/p>\n<h2>\u201cT\u00e1bhacht Dhomhanda\u201d<\/h2>\n<p>Mar gheall go bhfuil s\u00e9 suite i gceartl\u00e1r c\u00f3ras uisceach carstach uath\u00fail agus casta, is su\u00edomh \u00e9 Coimpl\u00e9asc Bogaigh na C\u00faile a bhfuil t\u00e1bhacht dhomhanda ag baint leis. Mar gheall ar leibh\u00e9al luaineachta leibh\u00e9al uisce an locha, dl\u00fathbhaint neamhghn\u00e1ch an turlaigh le coillearnach, an baili\u00fach\u00e1n m\u00f3r de phobail planda\u00ed bogaigh agus an measc\u00e1n de speicis suimi\u00fala a bhaineann leis an loch, is \u00e9 Loch na C\u00faile an turlach is t\u00e1bhachta\u00ed in \u00c9irinn \u2013 agus mar sin ar fud an domhain.<\/p>\n<div style=\"font-size: 0.9em; float: none; background-color: #c0d9ee; padding: 3px 5px 3px 5px; width: 100%; margin: 5px 10px 0px 0px; border-radius: 5px;\">\n<h2>Turlach<\/h2>\n<p>Is iond\u00fail go mb\u00edonn turlach \u2013 \u00f3n nGaeilge \u201ctuar\u201d a chialla\u00edonn tirim agus \u201cloch\u201d a chialla\u00edonn loch \u2013 suite i log d\u00fanta i limist\u00e9ir aolchloiche, \u00e1it a bhfuil carst\u00fa agus scoilteadh d\u00e9anta ar an mbuncharraig faoina bhun. Le linn na hoighearaoise deireana\u00ed, chuir na hoighearchl\u00faideacha ollmh\u00f3ra sraith tana\u00ed de thill oighreach ar ghrinneall an locha. Is f\u00e9idir le huisce dul isteach i ngrinneall an locha tr\u00ed na point\u00ed laga sa till, ar a dtugtar \u201cs\u00famair\u00ed\u201d. Nuair a bh\u00edonn leibh\u00e9il screamhuisce ard, t\u00e9ann uisce faoi bhr\u00fa isteach sa turlach tr\u00ed na s\u00famair\u00ed. De r\u00e9ir mar a thiteann leibh\u00e9il screamhuisce, f\u00e9adfaidh an loch folmh\u00fa tr\u00ed na s\u00famair\u00ed c\u00e9anna.<\/p>\n<p>Sa samhradh, nuair a bh\u00edonn leibh\u00e9al an uisce \u00edseal agus an talamh tirim, is t\u00e1scaire an-mhaith \u00e9 l\u00e1ithreacht planda saini\u00fail den ghn\u00e1th\u00f3g seo, an caonach dubh (<em>Cinclidotus fontinaloides<\/em>), go bhfuil limist\u00e9ar ina chuid de thurlach. F\u00e9adfaidh an caonach seo carraigeacha, crainn agus balla\u00ed at\u00e1 b\u00e1ite ag leibh\u00e9il arda uisce a chl\u00fadach.<\/p>\n<\/div>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>T\u00edrdhreach oighearcharstach Tagra\u00edonn an t\u00e9arma oighearcharstach do dh\u00e1 phr\u00f3iseas ar leith a d&#8217;fh\u00e9adfadh feidhmi\u00fa chun an t\u00edrdhreach a athr\u00fa i gceantair aolchloiche. Is \u00e9ard is carst\u00fa ann n\u00e1 an pr\u00f3iseas tr\u00edna dtuaslagtar carraig aolchloiche le huisce. D\u2019fh\u00e9adfadh scoilteanna m\u00e9adaithe sa charraig a bheith mar thoradh air seo, i bpluaiseanna agus in uisc\u00edgh faoi thalamh agus&hellip; <a class=\"continue\" href=\"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/\">Read More<span> C\u00f3ras Bogaigh<\/span><\/a><\/p>\n","protected":false},"author":3,"featured_media":1281,"parent":1407,"menu_order":3,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"full-width.php","meta":{"footnotes":""},"class_list":["post-1410","page","type-page","status-publish","has-post-thumbnail","hentry"],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v27.5 - https:\/\/yoast.com\/product\/yoast-seo-wordpress\/ -->\n<title>C\u00f3ras Bogaigh - Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<link rel=\"canonical\" href=\"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"ga_IE\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"C\u00f3ras Bogaigh - Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"T\u00edrdhreach oighearcharstach Tagra\u00edonn an t\u00e9arma oighearcharstach do dh\u00e1 phr\u00f3iseas ar leith a d&#8217;fh\u00e9adfadh feidhmi\u00fa chun an t\u00edrdhreach a athr\u00fa i gceantair aolchloiche. Is \u00e9ard is carst\u00fa ann n\u00e1 an pr\u00f3iseas tr\u00edna dtuaslagtar carraig aolchloiche le huisce. D\u2019fh\u00e9adfadh scoilteanna m\u00e9adaithe sa charraig a bheith mar thoradh air seo, i bpluaiseanna agus in uisc\u00edgh faoi thalamh agus&hellip; Read More C\u00f3ras Bogaigh\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/coolegarrylandnaturereserve\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2023-09-01T11:39:26+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.coolepark.ie\/wp-content\/uploads\/2019\/06\/turlough-tree.jpg\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:width\" content=\"1400\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:height\" content=\"272\" \/>\n\t<meta property=\"og:image:type\" content=\"image\/jpeg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@DeptHousingIRL\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"5 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\\\/\\\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/\",\"name\":\"C\u00f3ras Bogaigh - Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2019\\\/06\\\/turlough-tree.jpg\",\"datePublished\":\"2015-09-29T14:01:10+00:00\",\"dateModified\":\"2023-09-01T11:39:26+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga-IE\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2019\\\/06\\\/turlough-tree.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/wp-content\\\/uploads\\\/2019\\\/06\\\/turlough-tree.jpg\",\"width\":1400,\"height\":272},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/coras-bogaigh\\\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"D\u00falra &amp; Fiadh\u00falra\",\"item\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/dulra-fiadhulra\\\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"C\u00f3ras Bogaigh\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/#website\",\"url\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/\",\"name\":\"Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile\",\"description\":\"\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\\\/\\\/www.coolepark.ie\\\/ga\\\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":{\"@type\":\"PropertyValueSpecification\",\"valueRequired\":true,\"valueName\":\"search_term_string\"}}],\"inLanguage\":\"ga-IE\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"C\u00f3ras Bogaigh - Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"canonical":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/","og_locale":"ga_IE","og_type":"article","og_title":"C\u00f3ras Bogaigh - Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile","og_description":"T\u00edrdhreach oighearcharstach Tagra\u00edonn an t\u00e9arma oighearcharstach do dh\u00e1 phr\u00f3iseas ar leith a d&#8217;fh\u00e9adfadh feidhmi\u00fa chun an t\u00edrdhreach a athr\u00fa i gceantair aolchloiche. Is \u00e9ard is carst\u00fa ann n\u00e1 an pr\u00f3iseas tr\u00edna dtuaslagtar carraig aolchloiche le huisce. D\u2019fh\u00e9adfadh scoilteanna m\u00e9adaithe sa charraig a bheith mar thoradh air seo, i bpluaiseanna agus in uisc\u00edgh faoi thalamh agus&hellip; Read More C\u00f3ras Bogaigh","og_url":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/","og_site_name":"Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/coolegarrylandnaturereserve","article_modified_time":"2023-09-01T11:39:26+00:00","og_image":[{"width":1400,"height":272,"url":"https:\/\/www.coolepark.ie\/wp-content\/uploads\/2019\/06\/turlough-tree.jpg","type":"image\/jpeg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@DeptHousingIRL","twitter_misc":{"Est. reading time":"5 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/","url":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/","name":"C\u00f3ras Bogaigh - Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.coolepark.ie\/wp-content\/uploads\/2019\/06\/turlough-tree.jpg","datePublished":"2015-09-29T14:01:10+00:00","dateModified":"2023-09-01T11:39:26+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga-IE","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga-IE","@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.coolepark.ie\/wp-content\/uploads\/2019\/06\/turlough-tree.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.coolepark.ie\/wp-content\/uploads\/2019\/06\/turlough-tree.jpg","width":1400,"height":272},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/coras-bogaigh\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"D\u00falra &amp; Fiadh\u00falra","item":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/dulra-fiadhulra\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"C\u00f3ras Bogaigh"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/#website","url":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/","name":"Anaclann D\u00falra Ph\u00e1irc na C\u00faile","description":"","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/?s={search_term_string}"},"query-input":{"@type":"PropertyValueSpecification","valueRequired":true,"valueName":"search_term_string"}}],"inLanguage":"ga-IE"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/1410","targetHints":{"allow":["GET"]}}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/3"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=1410"}],"version-history":[{"count":1,"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/1410\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":1680,"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/1410\/revisions\/1680"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/1407"}],"wp:featuredmedia":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media\/1281"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.coolepark.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=1410"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}