Fáilte go dtí Anaclann Dúlra Pháirc na Cúile

Tá an Chúil i gcroílár chóras bogaigh neamhchoitianta casta a mheastar a bhfuil tábhacht dhomhanda leis. Áirítear leis an gcóras aibhneacha faoi thalamh, lochanna séasúracha (turlaigh), fuaráin agus súmairí. Tá an anaclann dúlra suite sa réigiún íseal carstach aolchloiche siar ón nGort, Co. na Gaillimhe, agus clúdaíonn an anaclann dúlra thart ar 400 heicteár (1000 acra) áit a dtagann bogach agus coillearnach le chéile.

“The beauty, the romance of our Seven Woods,
the mysteries of the ebbing and flowing lake are dear to me,
have been well loved, and are now in hands
that will care and tend them it is likely for ever”
– An Bhantiarna Gregory, 26 Bealtaine, 1929

Bhí Páirc an Chúil mar chroílár na hAthbheochana Liteartha Gaeilge go luath san 20ú haois. Tháinig William Butler Yeats, George Bernard Shaw, John Millington Synge agus Sean O’ Casey ar fad ar cuairt ann chun taithí a fháil ar an draíocht a bhain leis. Ghrean siad féin agus go leor eile a gcuid inisealacha ar an gCrann Síniúcháin, sean-fheá rua atá fós ina seasamh sa gharraí daingean inniu.

Ag an am sin bhí an Bhantiarna Gregory, drámadóir agus béaloideasóir, ina cónaí ann. Is fearr aithne uirthi mar chomhbhunaitheoir Amharclann na Mainistreach le Edward Martyn ó Chaisleán Thul Aighre in aice láimhe agus an file William Butler Yeats a bhuaigh duais Nobel. Tá na seacht gcoill a cheiliúrann W.B. Yeats mar chuid den iliomad ciliméadar de chonairí dúlra a chuimsíonn coillte, abhainn, turlach, aolchloch lom agus loch na Cúile.

Sa Chúil, tugaimid cuireadh duit draíocht agus suaimhneas an tírdhreacha uathúil seo a fhiosrú duit féin. Cé nach bhfuil an teach ann a thuilleadh, fós féin is féidir leat an timpeallacht a tharraing an oiread sin daoine chun na háite a thuiscint. Gheobhaidh tú taithí ar an domhan nádúrtha a léirigh Yeats ina chuid filíochta. Tríd an suíomh gréasáin seo, is féidir leat foghlaim faoin áit speisialta seo agus a fiadhúlra, chomh maith le stair agus naisc liteartha mhuintir Gregory.