Ainmniú Caomhantais

Chomh maith lena ainmniú mar Anaclann Dúlra faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra 1976-2000, is iarrthóir ar Limistéir Chaomhantais Speisialta (SAC) faoi Threoir an Chomhphobail Eorpaigh um Ghnáthóga (1992) í Anaclann Dúlra na Cúile-Gharealáin. Tá an t-ainmniúchán seo bunaithe ar ghnáthóg turlaigh, pábháil aolchloiche agus féarach cailcreach a bheith ann – agus is gnáthóga atá faoi cheangal leis an Treoir iad sin go léir. Tá cuid den Anaclann Dúlra ina Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) freisin faoi Threoir an CE maidir le hÉin mar gheall ar a thábhachtaí atá sé d’éin bhogaigh agus go háirithe don Eala Ghlórach.

Le tuilleadh eolais a fháil tabhair cuairt ar ár Suíomh NPWS.