Mamaigh

Tacaíonn an anaclann dúlra leis an ngnáthbhailiúchán de mhamaigh dhúchasacha. Is daingean é don chat crainn agus don iora rua. Tá an speiceas deireanach seo an-ghann in áiteanna eile in Éirinn mar gheall ar leathadh an iora glas a tugadh isteach. Tá roinnt brocacha móra broic le fáil sa choill. Baineann dobharchúnna úsáid as na bogaigh. Baineann roinnt speiceas ialtóg úsáid as na coillte, agus is í an chrú-ialtóg bheag – speiceas atá fíor-neamhchoitianta i gcomhthéacs Eorpach – an ceann is suntasaí. Athchóiríodh seanfhoirgneamh le húsáid mar fhara samhraidh don speiceas seo agus tá fara saorga geimhridh le haghaidh geimhrithe tógtha in aice láimhe. Tá tréad beag fia rua dúchasach sa chlós in aice leis an ionad cuairteoirí.

Fia
Iora rua
Broc
Cat Crainn