Foirgnimh agus Taisí

Clós Stábla/Ionad Cuairteoirí

Seomraí Tae Pháirc na CúileTá an tIonad Cuairteoirí agus na Seomraí Tae suite sa scioból athchóirithe agus sa limistéar stáblaí ina bhfuil ceann de na stáblaí bunaidh le stallaí ilchasta do chúig chapall. D’úsáidtí lochta lasnairde chun féar agus uirlisí a stóráil.

Trasna an tseanchlóis stáblaí dhoirneogaigh tá fothracha na seomraí cóiste agus úmacha. Coinníodh cóistí éagsúla anseo agus níodh iad ón gcaidéal uisce i lár an chlóis. Stóráladh gránach i lochta theach an chóiste agus os a chionn sin bhí an colmlann. Creidtear gur traidisiún meánaoiseach a bhí i gcoimeád colm agus colúir, cé go raibh sé ar bun freisin in aimsir na Róimhe. Go dtí deireadh an 18ú haois, nuair a tháinig an-tóir ar bharra fréamhacha a rabhadar ábalta stóráil, bhí sé deacair stoc a bheathú i rith an gheimhridh agus b’éigean go leor de na hainmhithe a mharú. Mar thoradh ar seo bhí feoil úr gann go minic. Bhain go leor tithe mainéir agus feirmeacha mainistreach úsáid as colúir chun feoil úr agus uibheacha a sholáthar agus bhunaigh siad colmlanna chun na críche seo go háirithe.

Sa lá atá inniu ann cuireann an obair chloiche sna seanbhallaí agus sna seanfhoirgnimh áiteanna neadaithe ar fáil d’éin cosúil leis an dreoilín agus an druid agus freisin fara samhraidh le haghaidh ialtóga.


Áitheanna Aoil

Áitheanna AoilBhíodh áitheanna aoil coitianta in Éirinn tráth, ach tá siad gann anois i dtírdhreach na hÉireann. Bhí go leor úsáid á bhaint as an aol a táirgeadh sna háiteanna seo lena n-áirítear mar leasachán nó chun aoldath agus moirtéal a dhéanamh. Is féidir an áith sa Chúil a fheiceáil agus tú ag siúl ar chonair na Seacht gCoill. Tá an seanchairéal, atá ina fhásach anois, le fáil in aice láimhe. Briseadh an charraig a baineadh as ina píosaí beaga agus aistríodh í le capall agus cairt go dtí an rampa ar chúl na háithe aoil.

Chun an leasachán a dhéanamh, lódáileadh an charraig isteach sa bpoll ón rampa ar chúl, le sraitheanna malartacha adhmad tine, móin agus carraig. Lasadh tine ansin ag bun an asraoin. Tar éis cúpla lá, séalaíodh an mais cnádaithe ar fad le caipín aoil caolaithe. Tar éis seachtaine, mar thoradh air seo táirgeadh aoil díhiodráitithe (tapa). Cuireadh uisce leis agus scaipeadh an táirge deiridh – aol hiodráitithe (teilgthe) mar leasachán. Tháinig laghdú ar úsáid leasacháin den sórt sin sa 19ú haois, nuair a baineadh úsáid as leasacháin iompórtáilte. Baineadh úsáid as aoldath chun ballaí tithe agus botháin faoin tuath in Éirinn a chlúdach agus a chosaint go dtí le déanaí.

Tá an greille agus an bhacainn ag barr an áithe curtha ar fáil ar mhaithe le sábháilteacht agus ní raibh siad mar chuid den bhunstruchtúr


Ballaí Páirce – Ballaí Cloiche

Ballaí CloicheGné shuntasach de cheantar tuaithe na Gaillimhe agus an Chláir is ea fairsinge na mballaí cloiche a tógadh thar na céadta bliain chun páirceanna a imfhálú agus chun teorainneacha a chinneadh. Téann úsáid cloch chun teorainneacha a mharcáil siar 5,000 bliain.

Tá na ballaí aolchloiche sa Chúil ó 1776 ar a laghad, nuair a thaifead Arthur Young, ina “Tour of Ireland”, cuairt anseo. “He (Robert Gregory) has built a large house with numerous offices, and taken five or 600 acres of land into his own hands, which I found him improving with great spirit. Walling was his first object, of which I found him executing many miles in the most perfect manner.”

Bhí an balla dúbailte a fuarthas i gcuid den choillearnach ar a dtugtar Páirc na Carraige – “páirc charraigeach”, feadh an bhealaigh a dtugtaí stoc ón gclós feirme agus ó pháirceanna ísle na feirme go dtí an turlach le haghaidh innilte. Tá an bhearna stoic sa bhalla líonta isteach ach tá a imlíne fós le feiceáil.

Leagadh amach limistéir sna codanna níos airde de bhalla moirtéalaithe a fuarthas in aice leis na foirgnimh agus sa gharraí daingean agus chuir siad foscadh ar fáil. Is féidir le síolta atá faoi shuan le blianta fada i scoilteanna teacht chun cinn agus fás leis na coinníollacha cearta.


Caidéal capall

Caidéal capallSna 1850idí chuir an Ridire William caidéal isteach chun uisce a tharraingt ón loch suas go dtí an teach, agus tá a iarsmaí le feiceáil inniu.

Bhíodh capall feirme, ceangailte le cos adhmaid, ag spágáil ar chosán ciorclach chun an caidéal súite a oibriú a tharraing uisce as an loch agus ansin d’iompair píopaí faoin talamh an t-uisce suas an gcnoc go dtí an príomhtheach cónaithe.

 


Ha-ha

Is éard is ha-ha ann an t-ainm aisteach a thugtaí ar dhíog de dhéantús an duine chun stoc féaraigh a choinneáil istigh nó a choinneáil amuigh. Tá bunús na Fraince leis an gcoincheap a tháinig ó dheireadh an 17ú haois agus is minic a luaitear an t-ainmfhocal mar léiriú ar iontas nuair a thángthas trasna ar ghné thar a bheith iontach “ha ha” nó uaireanta “ah ah”. Cíbé cén bunús atá leis an bhfocal, tá ceann le feiceáil sa Chúil feadh teorainn thiar na faiche ar chúl. D’fhéadfadh caoirigh a bheith ag innilt ar an bpáirc mhór oscailte seo de 6.5 heicteár (16 acra) sna laethanta roimh lomairí faiche meicniúla, le radharc gan bhriseadh ar an gcoillearnach, ar chnoic Thurlaigh agus ar na Boirne thall fós ar fáil.

Sna laethanta tosaigh nuair a bhí Eastát na Cúile faoi úinéireacht mhuintir Gregory, baineadh úsáid as cuid den pháirc seo mar phlandlann chrann. Sa bhliain 1776, nuair a scríobh Arthur Young a leabhar “Tour of Ireland”, dúirt sé maidir le cuairt a rinne sé ar an gCúil: “Mr Gregory has a very noble nursery from which he is making plantations which will soon be a great ornament to the country.” Nuair a ghlac an tSeirbhís Foraoiseachta seilbh ar Eastát na Cúile, cuireadh crainn bhuaircíneacha sa bhfaiche ar chúl, a baineadh in 2014 chun ligean d’athghiniúint nádúrtha na speiceas dúchasach.


An Teach

An TeachThóg Robert Gregory an teach c. 1770, foirgneamh trí stór a bhí ann le sé leathleibhéal, póirse cearnógach isteach agus báfhuinneoga ar chúl. Ba iad príomhsheomraí an tí an seomra bia (ar chlé ar chúl agus tú ag tabhairt aghaidh ar an suíomh), agus an seomra suí (ar dheis ar chúl) agus a bhfuinneoga bá le radharc ar Loch na Cúile agus ar Chnoic na Boirne ar an taobh thiar. Idir an dá seomra bhí an leabharlann.

Scríobh an Bhantiarna Gregory a cuid drámaí agus leabhar anseo agus bhí sí mar bhean an tí do William Butler Yeats, George Bernard Shaw, Dubhghlas de hÍde, Sean O’Casey, Edward Martyn, John Millington Synge agus go leor eile a raibh baint acu le gluaiseacht Athbheochana Liteartha na hÉireann.

Go luath sa 20ú haois bhí go leor sonas sa teach le leanaí ag gáire mar bhí garchlann na Bantiarna Gregory, Richard, Anne agus Catherine ina gcónaí ann freisin.

Cé nach bhfuil an teach fós ann, atógadh ballaí íseal chun an imlíne bunaidh a thaispeáint.


An Suíochán Aolchloiche

An Suíochán Aolchloiche
Tógadh an suíochán aolchloiche sa bhliain 1908, agus bhíodh an Bhantiarna Gregory agus a cairde liteartha ann go minic. Tógadh é faoi Chéadar Crón Iartharach (Thuja plicata). Bhí a comharsana agus comhbhunaitheoirí Amharclann na Mainistreach, Edward Martyn as Tul Aighre agus William Butler Yeats mar chuairteoirí rialta chuig an láthair seo in éineacht leis an mBantiarna Gregory.

Tá an suíochán cloiche ag tabhairt aghaidh soir, i dtreo shléibhte Shliabh Eachtaí agus eastát Persse i gCreig an Róistigh. Bhí cónaí ar Isabelle Augusta Persse i dTeach Roxborough go dtí gur phós sí a comharsa an Ridire William Gregory nuair a rinneadh Augusta, an Bhantiarna Gregory di.