Coillte na Cúile-Gharealáin

Mar gheall ar Yeats, tá aithne ag daoine ar fud an domhain ar choillte na Cúile. Déanann Yeats tagairt roinnt uaireanta do ‘Seven Woods of Coole’: ach i ndáiríre tá níos mó ná seacht gcinn ann. Ar an iomlán, tá timpeall 178 heicteár i gcoillearnacha Anaclann Dúlra na Cúile-Gharealáin. Bhí an-mheas ag muintir Gregory ar na coillte agus thugadar an-aire dóibh. Roghnaíodh ainmneacha go cúramach le haghaidh gach garrán agus gach plandáil. Ainmníodh an chuid is mó díobh mar gheall ar ghné thopagrafach áitiúil éigin, ach ainmníodh cuid acu i ndiaidh daoine, m.sh. Coill Isabella.

Coillte bainistitheCoillte na Cúile

Tá sé soiléir óna n-ainmneacha gur cuireadh cuid de choillte na Cúile agus nach coillte fiáine iad – limistéir de choillearnach nádúrtha nach bhfuil mórán cur isteach déanta ag an gcine daonna orthu. Ba coillte bainistithe a bhí iontu. Tá bunús chodanna de na coillte, áfach, sa chlúdach coillearnaí nádúrtha. Is féidir é seo a fháil fós i gcorr choirnéal, go háirithe ar an taobh thall den loch. Tá a gcarachtar nádúrtha clúdaithe ag cleachtas foraoiseachta a shíneann siar ar feadh níos mó ná 200 bliain. Is éard a bhí sna coillte ná meascán de sheanphlandálacha eastáit de choillearnach dhuillsilteach mheasctha agus feá go príomha agus roinnt iarsmaí de sheanchoillearnach dhúchasach agus roinnt clampaí monashaothraithe de sprúis na hIorua.

Cuireadh clampaí monashaothraithe de bhuaircínigh ó 1927 nuair a ghlac Seirbhís Foraoiseachta na hÉireann seilbh ar an eastát. Is féidir iarsmaí de phlandáil níos luaithe nuair a bhí an áit ag muintir Gregory le feiceáil timpeall na Cúile. Ina measc seo tá feá agus buaircínigh – go háirithe, giúis gheal. Tá éagsúlacht eiseamail bhuaircíneach a chuir William Gregory ó 1853 – 1856 san “acra saibhir”, atá suite díreach ó thuaidh den gharraí daingean sa Chúil. Baineadh na clampaí monashaothraithe deiridh de bhuaircínigh in 2015 agus tá na limistéir seo á bhfágáil le hathghiniúint ina gcoillearnach dúchasach.

Meascán de speicis dhúchasacha agus neamhdhúchasacha is mó atá sna coillearnacha duillsilteacha lena n-áirítear fuinseog (Fraxinus excelsior), feá (Fagus sylvatica) agus dair ghallda (Quercus robur). Tá ciseal tor ilghnéitheach ag na coillearnacha measctha seo atá comhdhéanta de chrann feorais (Corylus avellana), (Euonymus europaeus), pribhéad (Ligustrum vulgare), briúlán (Rosa pimpinellifolia), caor chon (Viburnum opulus), draighean (Cratagus monogyna), (Prunus spinosa), Piorra (Pyrus pyraster) agus féithleann (Lonicera periclymenum). Tá flóra na talún saibhir agus áirítear ann lus na gaoithe (Anemone nemorosa), coinnle corra (Scilla hyacynthioides), sailchuach (Viola riviniana) agus éagsúlacht raithneach.

Coillearnach Dúchasach

Cloigíní Gorma sa Choill
Tá iarsmaí de sheanchoillearnach dhúchasach fós i gCoill na hInsí, siar ó dheas ón gCúil. B’fhéidir go bhfuil an choillearnach is suimiúla sa Ghairealán. Sna clampaí de choillearnach dhuillsilteach leathnádúrtha, is iad an Dair ghallda (Quercus robur) agus an Fhuinseog (Fraxinus excelsior) na príomhspeicis in ithreacha níos doimhne agus níos torthúla. Bíonn Coll (Coll Corylus), corr Iúr (Taxus baccata) agus Leamhán (Ulmus spp.) le fáil freisin.

Tá gné den choillearnach spéisiúil eile le fáil sa Ghairealán. Tá limistéir bheaga pábhála aolchloiche le fáil ar imeall an anaclann dúlra áit a mbuaileann an choillearnach le turlach an Bhaile Nua. Tacaíonn siad seo le clampaí iargúlta péine Albanach (Pinus sylvestris), ag fás in éineacht le hiúir, dair agus fiú aiteal. Tá coillearnach den chineál seo fíor-neamhchoitianta in Éirinn anois. Meastar go raibh sé i bhfad níos forleithne uair amháin i gceantar aolchloiche níos leithne na Boirne, áfach, sular tháinig an cine daonna isteach sa tírdhreach, breis agus 6,000 bliain ó shin.

Tá roinnt clampaí de choillearnach, a bhfuil iúir i gceannas iontu, le fáil sa Ghairealán. Tarlaíonn siad seo de ghnáth in áiteanna ina bhfuil pábháil aolchloiche ar dhromchla na talún nó gar dó. Fásann an t-iúr in éineacht le dair ghallda. Léiríonn fianaise eolaíoch go raibh coillearnach iúr go príomha i gcuid mhór de cheantar Bhoirne ar feadh dhá thréimhse ina stair. Tharla sé seo sular tháinig daoine go dtí an ceantar. Tá coillearnach iúr fíor-neamhchoitianta anois i gcomhthéacs Eorpach agus is gnáthóg tosaíochta é faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga. Tá a láithreacht sa Ghairealán an-suntasach mar sin.

Gné shuntasach eile a bhaineann le coillte na Cúile-Gharealáin is ea an dlúthbhaint atá acu leis an turlach. Déanann an choill comhéadan go díreach le turlaigh na Cúile, an Bhaile Nua, an Dúlocha agus Gharealáin. Sa gheimhreadh, tá codanna suntasacha de na coillte faoi uisce. Tá an caonach turlaigh le fáil ar an stoc agus ar bhrainsí íochtair na gcrann rud a léiríonn leibhéal an tumtha. Is saintréith den chomhéadan seo é an tor, an paide bréan (Rhamnus catharticus), chomh maith leis an sceach gheal. Is féidir leis tarlú go flúirseach anseo go háirithe. Níl an tor seo chomh coitianta in áiteanna eile. Is é bia planda bolb an féileacán mór, buí, Brimstone é agus an chúis le flúirse an fhéileacáin sin san anaclann.

Luach Caomhnaithe

Rinneadh suirbhé náisiúnta ar choillearnacha na hÉireann idir 2003 agus 2007. As na 1,217 coillearnach a ndearnadh measúnú orthu sa suirbhé seo, bhí coillearnacha na Cúile-Gharealáin rangaithe ar na cinn is airde, i dtéarmaí luach caomhnaithe.

Aidhmeanna Bainistíochta

Is iad na haidhmeanna fadtéarmacha ó thaobh bainistiú coillearnaí ag Anaclann Dúlra na Cúile-Gharealáin ná borradh na coillearnaí dúchasacha a chur chun cinn. Baineadh na clampaí monashaothraithe sprúis cheana féin chun go bhféadfaí speicis coillearnaí dúchasacha a athghiniúint go nádúrtha. I gceantair inar baineadh sprúis thart ar an mbliain 2000, tá dea-athghiniúint ar siúl i gcoillearnach mheasctha fuinseoige/coill darach. Bainfear na clampaí atá fágtha go luath freisin. Déanfar rialú ar speicis neamhdhúchasacha agus speicis ionracha cosúil leis an póirín sneachta agus seiceamar a bhfuil baol leo codanna den choillearnach a ionradh. San fhadtéarma, bainfear feá agus speicis chrainn neamhdhúchasacha eile de réir a chéile le go mbeidh an fhuinseog, an dair agus an leamhán in ann a bheith faoi bhláth.