1768 Robert Gregory (1727-1810) Cheannaigh Cathaoirleach an East India Company 600 acra ó Oliver Martyn as Tul Aighre in aice láimhe
1770 Tógadh an teach de réir dearadh de chuid James Lewis ó Gibbs Manual
1776 Déanann Arthur Young cur síos in “A Tour of Ireland” go bhfuil na mílte ballaí á dtógáil agus freisin “Mr Gregory has a very noble nursery, from which he is making plantations, which will soon be of great ornament to the country”
1810 – 1839 Tagann Richard Gregory (dara mac Robert) i gcomharbas agus leanann sé air ag cur crann. Forbraíonn sé an leabharlann freisin agus déantar dealbh bhrád Maecenas a thabhairt ann ón Iodáil
1817 Rugadh William Gregory, an Ridire William ina dhiaidh sin, fear céile Augusta Persse
1839 Fuair Richard bás. Faigheann a dheartháir níos óige William an Chúil le hoidhreacht. Bhí sé ina Fho-Rúnaí in Éirinn agus bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath don chuid is mó. Fuair sé bás in 1840 agus tagann Robert Gregory, athair an Ridire William i gcomharbas air
1842-47 Toghadh William Gregory mar Theachta Parlaiminte do Bhaile Átha Cliath
1847 Fuair Robert Gregory bás agus tagann a mhac William i gcomharba air
1850 Cuirtear feá taobh amuigh den gharraí daingean chun foscadh a sholáthar ón ngaoth agus ón mbáisteach ón iarthar
1851-57 Cuireadh iallach ar William dhá thrian den eastát a dhíol chun fiacha cearrbhachais a íoc
1853-56 Caitheann William am agus airgead le buaircínigh choimhthíocha a chur ina phéinteam, ó thuaidh den gharraí daingean
1852 Rugadh Isabelle Augusta Persse i gCreig an Róistigh, Cill Chríost, Co na Gaillimhe
1871-77 Ceapadh William Gregory ina Ghobharnóir ar Ceylon (Srí Lanca) áit a ndearnadh ridire de sa bhliain 1875
1880 Phós an Ridire William Gregory Isabella Augusta Persse
1881 Rugadh mac amháin dóibh, Robert Gregory
1892 Bás an Ridire William Gregory
1894 – 96 Leanann an Bhantiarna Gregory ag cur crann sa Chúil agus castar William Butler Yeats uirthi den chéad uair i Londain. Déanann sí cuimhní cinn a fir chéile nach maireann, an Ridire William Gregory a chur i gcrích agus a chur chun cinn
1897 Buaileann an Bhantiarna Gregory agus Yeats le chéile arís i Londain agus ansin ag Dúros, teach an Chunta de Basterot. Is ag an gcruinniú seo a thagann an smaoineamh maidir le gluaiseacht liteartha a fhorbairt. Caitheann Yeats am sa Chúil le linn an tsamhraidh freisin
1898 Ghrean WB Yeats a chuid inisealacha ar an gCrann Síniúcháin. Foilsítear alt leis an mBantiarna Gregory maidir le Crainn a chur in The Irish Homestead
1899 Bunaítear Amharclann Liteartha na hÉireann, Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin
1904, an 27 Nollaig Osclaítear Amharclann na Mainistreach
1911 An chéad turas go Meiriceá
1909- 13 Breith garpháistí, lena n-áirítear Anne Gregory údar “Me & Nu, Childhood at Coole”
1918 Fuair Robert Gregory bás le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda
1927 Díolann iníon-chéile na Bantiarna Gregory, Margaret, an Chúil le Stát na hÉireann ag Margaret
1932, an 22 Bealtaine Fuair an Bhantiarna Gregory bás sa Chúil ag 80 bliain d’aois
1941 Leagtar an teach
1927 – 87 Faoi bhainistiú ag an tSeirbhís Foraoiseachta & déantar buaircínigh a fhásann go tapa a chur ann le haghaidh adhmaid tráchtála
1960idí Ar oscailt don phobal mar áis taitneamhachta
1983 Bunaítear Anaclann Dúlra na Cúile-Gharealáin
1987 – an lá atá inniu ann Á bainistiú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra le haghaidh úsáid caomhnaithe agus taitneamhachta poiblí
1992 Ionad Cuairteoirí Pháirc na Cúile ar oscailt don phobal
2014/15 Stop á chur le plandú adhmaid tráchtála de speicis aonair chun athghiniúint speiceas dúchasach a spreagadh agus chun bithéagsúlacht iomlán san anaclann dúlra a mhéadú