Bantiarna Gregory na Cúile

Bantiarna Gregory na CúileRugadh Isabella Augusta Persse sa bhliain 1852 ag i gCreig an Róistigh, gar do Chill Chríost, i nDeisceart Chontae na Gaillimhe. Bhí spéis aici sa litríocht ó bhí sí an-óg, agus i scéalta faoi laochra na hÉireann spreagtha ag feighlí leanaí. Sa bhliain 1880 phós sí a comharsa, an Ridire William Gregory ón gCúil a bhí tar éis éirigh as a ghairm bheatha pholaitiúil ar dtús mar Theachta Parlaiminte do Bhaile Átha Cliath agus do Ghaillimh agus ina dhiaidh sin mar Ghobharnóir ar Ceylon (Srí Lanca). Bhí sí féin 28 bliain d’aois ag an am agus bhí seisean 63. Bhí mac amháin acu, Robert, a rugadh sa bhliain 1881.

Chuir an Ridire William sochaí Londain in aithne di, chomh maith le litríocht, na healaíona agus taisteal. Tar éis bhás an Ridire William in 1892, chaith an Bhantiarna Gregory, a bhí 40 bliain d’aois ag an am, cuid mhór dá cuid ama ag scríobh, ag tosú le cuimhní cinn a fir chéile nach maireann a thras-scríobh. D’fhoghlaim sí Gaeilge, ar dtús ó chuid dá cuid tionóntaí, agus ansin nuair a chaith sí am ar Oileáin Árann. D’úsáid sí an t-eolas seo agus an ghrá a bhí aici do mhiotaseolaíocht na hÉireann chun scéalta Chúchulainn, Fhinn Mac Cumhail, Clann Lír agus eile a aistriú ó Ghaeilge go Béarla.

An Bhantiarna Gregory sa nGarraí DaingeanBa cor cinniúnach a bhí ann don bheirt acu nuair casadh William Butler Yeats óg uirthi sna 1890idí agus bhíodar mar chairde agus comhoibritheoirí ar feadh an tsaoil. Chomhbhunaigh siad féin agus daoine eile Amharclann na Mainistreach agus é ar intinn acu drámaí faoi shaol na hÉireann a scríobh, a léiriú agus a chur ar stáitse do mhuintir na hÉireann. Bhí sí ar dhuine de na pearsana ba thábhachtaí in Athbheochan Liteartha na hÉireann go luath san 20ú haois, go háirithe mar gheall ar an mbealach a d’athraigh sí an Chúil ina lárphointe dóibh siúd a mhúnlaigh an ghluaiseacht sin, rud a d’fhág gur áit í a bhfillfidís arís agus arís eile chun labhairt, chun pleanáil a dhéanamh, agus chun inspioráid a fháil.

Fuair an Bhantiarna Gregory, drámadóir, béaloideasóir agus comhbhunaitheoir Amharclann na Mainistreach bás ar 22 Bealtaine 1932. Is féidir taithí a fháil fós ar dhraíocht na Cúile, a spreag an oiread sin daoine, cé nach bhfuil an teach ann a thuilleadh. Maireann a hoidhreacht scríbhinní agus plandála crann, a ndearna Sean O’Casey cur síos orthu mar “her chief charmers, the one nearest her mind, the other nearest her heart”. Tá an feá mór rua fós ina seasamh sa gharraí daingean le hinscríbhinní ó Sean O’Casey, William Butler Yeats, George Bernard Shaw agus an Bhantiarna Gregory í féin, i measc daoine eile.

 

“These woods have been well loved, well-tended by some who came before me, and my affection has been no less than theirs. The generations of trees have been my care, my comforters. Their companionship has often brought me peace.” An Bhantiarna Gregory, An Chúil, 1931