Córas Bogaigh

Tírdhreach oighearcharstach

Tagraíonn an téarma oighearcharstach do dhá phróiseas ar leith a d’fhéadfadh feidhmiú chun an tírdhreach a athrú i gceantair aolchloiche. Is éard is carstú ann ná an próiseas trína dtuaslagtar carraig aolchloiche le huisce. D’fhéadfadh scoilteanna méadaithe sa charraig a bheith mar thoradh air seo, i bpluaiseanna agus in uiscígh faoi thalamh agus laghdú ar an gcarraig sa deireadh. In Éirinn, tá an próiseas carsúcháin i limistéir aolchloiche mionathraithe ag gníomh na n-oighearchlúideacha móra a bhog ar fud na tíre le linn agus i dtreo dheireadh na hoighearaoise deireanaí. Scrios na hoighearchlúideacha seo an charraig tuaslagtha nó bhriste a bhí suite ar dhromchla an tírdhreacha, agus bhí na cosáin lom aolchloiche atá le fáil i ndeisceart Chontae na Gaillimhe agus i gceantar Bhoirne i dtuaisceart Chontae an Chláir fágtha. D’fhág siad ina ndiaidh freisin in áiteanna, fosú de bholláin agus gairbhéal, rud a chruthaigh droimníní agus eascracha. D’fhág siad fosuithe tanaí till in abhantracha éadoimhne a bhí ar an dromchla agus a chabhraigh le turlaigh a chruthú.

Tá Anaclann Dúlra na Cúile-Gharealáin suite i dtírdhreach oighearcharstach ísealchríocha an Ghoirt, Co. na Gaillimhe. Tá sé mar chroílár córas bogaigh ar leith.

Déanann uisce a dhraenáiltear ó phortaigh gaineamhchloch Shliabh Eachtaí ar an taobh thoir a bhealach, trí mheascán de bhealaí os cionn talún agus faoi thalamh, go Loch na Cúile. Tugann sé leis siolt ó na sléibhte.

Ag an am céanna, déanann uisce a dhraenáiltear ó thailte aolchloiche na Boirne, ó dheas, a bhealach ó thuaidh i dtreo na Cúile, trí chainéil faoi thalamh, agus líonann sé turlach an Bhaile Nua. Tá an t-uisce seo an-neamhghnách i gcomhthéacs Eorpach. In ainneoin go bhfuil limistéar aolchloiche mar fhoinse aige, tá an t-uisce níos boichte i gcothaithigh ná an t-uisce a thagann isteach go Loch na Cúile ó Shliabh Eachtaí. Ag leibhéil arda uisce, meascann loch an Bhaile Nua agus Loch na Cúile.

Déanann an t-uisce sin a bhealach ón gCúil, trí shraith ailtéarnach turlaigh agus cosáin faoi thalamh, chun an fharraige a bhaint amach ag Cinn Mhara ar deireadh.

Is turlach mór é Loch na Cúile féin agus cosúil leis an gcuid is mó de thurlaigh, folmhaíonn sé faoin talamh trí “shúmairí” ina ghrinneall locha. Tá an raon is mó athraithe leibhéal uisce aige ná aon turlach in Éirinn. Is féidir le leibhéil uisce sa loch athrú os cionn 10m. De ghnáth ní fholmhaíonn an loch go hiomlán sa samhradh, áfach, agus de ghnáth coimeádann sé limistéar beag uisce buan.

Gné shuntasach a bhaineann leis na turlaigh i bPáirc na Cúile is ea go bhfuil dlúthbhaint acu le limistéir choillearnacha. Go deimhin, tá limistéir mhóra choillearnach san anaclann dúlra clúdaithe le huisce sa gheimhreadh. Caithfidh plandaí a bhfuil cónaí orthu sa turlach a bheith in ann maireachtáil i gcúinsí bá fada agus triomach. Is féidir brat briosclán galánta (Potentilla anserina) lena dhuilleoga airgid agus a bhláthanna buí a fheiceáil sa samhradh nuair a bhíonn leibhéil an uisce imithe i léig. I dturlaigh áirithe, d’fhéadfadh go bhfaighfí an tsailchuach uisce neamhchoitianta (Viola persicifolia). Go deimhin, tá a dhaingean ag an bplanda seo in Éirinn ag Loch na Cúile. I measc na bplandaí turlaigh neamhchoitianta eile atá le fáil ag Anaclann Dúlra na Cúile-Gharealáin tá lus an chladaigh (Litorella uniflora), agus speiceas den réiltín uisce (Callitriche palustris).

Rangaítear turlaigh mar ghnáthóga tosaíochta faoi Threoir an AE maidir le Gnáthóga mar gheall ar neamhchoitiantacht na gnáthóige seo i gcomhthéacs Eorpach agus domhanda. Tá an ghnáthóg beagnach uathúil in Éirinn.

“Tábhacht Dhomhanda”

Mar gheall go bhfuil sé suite i gceartlár córas uisceach carstach uathúil agus casta, is suíomh é Coimpléasc Bogaigh na Cúile a bhfuil tábhacht dhomhanda ag baint leis. Mar gheall ar leibhéal luaineachta leibhéal uisce an locha, dlúthbhaint neamhghnách an turlaigh le coillearnach, an bailiúchán mór de phobail plandaí bogaigh agus an meascán de speicis suimiúla a bhaineann leis an loch, is é Loch na Cúile an turlach is tábhachtaí in Éirinn – agus mar sin ar fud an domhain.

Turlach

Is iondúil go mbíonn turlach – ón nGaeilge “tuar” a chiallaíonn tirim agus “loch” a chiallaíonn loch – suite i log dúnta i limistéir aolchloiche, áit a bhfuil carstú agus scoilteadh déanta ar an mbuncharraig faoina bhun. Le linn na hoighearaoise deireanaí, chuir na hoighearchlúideacha ollmhóra sraith tanaí de thill oighreach ar ghrinneall an locha. Is féidir le huisce dul isteach i ngrinneall an locha trí na pointí laga sa till, ar a dtugtar “súmairí”. Nuair a bhíonn leibhéil screamhuisce ard, téann uisce faoi bhrú isteach sa turlach trí na súmairí. De réir mar a thiteann leibhéil screamhuisce, féadfaidh an loch folmhú trí na súmairí céanna.

Sa samhradh, nuair a bhíonn leibhéal an uisce íseal agus an talamh tirim, is táscaire an-mhaith é láithreacht planda sainiúil den ghnáthóg seo, an caonach dubh (Cinclidotus fontinaloides), go bhfuil limistéar ina chuid de thurlach. Féadfaidh an caonach seo carraigeacha, crainn agus ballaí atá báite ag leibhéil arda uisce a chlúdach.