Oideachas

Tá gréasán d’Ionaid Oideachais ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra ar fud na tíre. Tá sé mar aidhm againn, leis na hIonaid Oideachais seo, feasacht a ardú ar an domhan nádúrtha agus ar an tábhacht a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil. Bíonn cuid acu oscailte ar feadh na bliana, agus bíonn cinn eile ag feidhmiú go séasúrach. Tá cláir saor in aisce do scoileanna, agus don phobal i gcoitinne. Cuireann gach ionad cláir suíomhoiriúnaithe ar fáil, ach de ghnáth, is féidir leo cláir Feasachta Dúlra a thairiscint do bhunscoileanna, agus obair allamuigh éiceolaíochta nó tíreolaíochta do mheánscoileanna. Is féidir leo freisin imeachtaí speisialta agus turais a thairiscint don phobal.

Aidhmeanna Chlár Oideachais na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta & Fiadhúlra:

  • Meas, tuiscint agus cúram don oidhreacht a chur chun cinn agus go háirithe don domhan nádúrtha.
  • Forbairt cleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a spreagadh.
  • An pobal a chur ar an eolas faoin tseirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus a ról i gcaomhnú.

Ag Anaclann Dúlra Pháirc na Cúile cuirimid raon clár ar fáil do scoileanna, imeachtaí poiblí speisialta agus siúlóidí treoraithe do ghrúpaí.

Le haghaidh fiosrúcháin nó áirithintí, déan teagmháil linn trí ríomhphost coolepark@npws.gov.ie